Empty Link Skip to Content
Search Menu

I dTacsaí

Chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath

Déanfar paisinéirí atá ag taisteal i dtacsaí a fhágáil sa chlós atá lonnaithe go díreach lasmuigh de Chríochfort 1 nó de Chríochfort 2.

Teidlíochtaí paisinéirí tacsaí

Tá tú i dteideal na nithe seo a leanas mar phaisinéir i dtacsaí:

  • Tacsaí a fháil le haghaidh turas atá 30 km ar fad ar a mhéad
  • A éileamh go ríomhtar gach táille ar an méadar tacsaí
  • Admháil arna priontáil ag an méadar tacsaí
  • Feithicil ghlan agus turas deas

Ó Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá tacsaithe ar fáil ó na clóis atá lonnaithe go díreach lasmuigh de Chríochfort 1 agus de Chríochfort 2. Ba cheart do phaisinéirí comharthaí Tacsaí a leanúint chuig na stadanna tacsaithe ainmnithe. Tá riarthóir tacsaithe ar fáil ag an dá stad tacsaithe chun aon fhaisnéis bhreise nó aon chúnamh breise a theastaíonn uait a chur ar fail.

Faisnéis Táillí a Thaispeáint

Tá ceangal ar thiománaithe tacsaí ceadúnaithe faisnéis do phaisinéirí, lena n-áirítear cearta agus freagrachtaí agus faisnéis táillí, a thaispeáint ar thosach na feithicle agus ar a cúl. Is é an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe a sholáthraíonn an fhaisnéis sin. Ní mór do gach tiománaí tacsaí ceadúnaithe a gcárta aitheantais tiománaí a thaispeáint in áit fheiceálach don chustaiméir.

Gearán a Dhéanamh Faoi Tháille Tacsaí

I gcás díospóide faoi tháille, faoi iompar tiománaí nó faoi riocht nó glaineacht feithicle, ba cheart do chustaiméir an táille a thaispeántar ar an méadar a íoc, lena n-áirítear breiseanna, a chinntiú go bhfaigheann sé/sí admháil phriontáilte, agus gearán foirmiúil a dhéanamh. Imscrúdóidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe an gearán sin de réir mar is cuí.

Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, iarr foirm gearáin ach glao a chur ar líne faisnéise an Údaráis Náisiúnta Iompair ar + 353 76 1064000. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Sign up now and get 10% off your next purchase on theloop.ie

As well as other great airport offers, discounts and news.

  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie
  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie