Empty Link Skip to Content
Search Menu

Daoine faoi Mhíchumas Luaineachta

Cúnamh a Iarraidh

Déan teagmháil le d’aerlíne, do ghníomhaire taistil nó do thionscnóir turas 48 huaire ar a laghad roimh imeacht d’eitilte agus tabhair sonraí dó/di faoi do riachtanais chúnaimh.

Tá sé ríthábhachtach go gcinntíonn paisinéirí a dteastaíonn cúnamh luaineachta uathu go ndéanann siad teagmháil lena n-aerlíne, lena ngníomhaire taistil nó lena dtionscnóir turas go díreach mar gurbh fhéidir go rachfaí i gcion ar an gcuid eile dá dturas leis na rialacha sábháilteachta atá á gcur i bhfeidhm ag aeriompróir maidir le hiompar daoine faoi mhíchumas luaineachta.

 Ar Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhaint amach, is féidir le paisinéirí úsáid a bhaint as ceann den iomad Pointe Cabhrach atá lonnaithe ar fud an champais chun cúnamh a fháil. Mar mhalairt air sin, is féidir leo dul chuig deasc fáiltithe One Complete Solution (OCS), atá lonnaithe ar an urlár eitiltí amach i gCríochfort 1 (ar dheis tar éis dul isteach i ndoras 2) nó sa leibhéal seiceála isteach i gCríochfort 2, cóngarach don chrios tiomnaithe fágála do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.

reduced-mobility-signage-t1-large Chomh maith leis sin, is féidir le paisinéirí dul go díreach chuig a ndeasc seiceála isteach agus a chur in iúl don fhoireann aerlíne gur iarr siad cúnamh. Tiocfaidh ionadaí ó OCS i láthair ansin chun cúnamh a chur ar fáil.

Chun ceisteanna a chur maidir le cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta, déan teagmháil le:

Príomhoifig OCS + 353 1 944 0341 (8am - 4pm) 

Áirítear na nithe seo leis na saoráidí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta:

  • Saoráidí carrchlóis sa Charrchlós Fadtéarmach agus sa Charrchlós Gearrthéarmach do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta - cliceáil anseo
  • Cuaillí eolais soiléire ann do shaoráidí sainoiriúnaithe, lena n-áirítear leithris agus ardaitheoirí
  • Sraith lúba ionduchtúcháin chun aimpliú fógraí a éascú do phaisinéirí a bhfuil lagú éisteachta orthu
  • Córas lúibe cuntair ag an deasc faisnéise chun cumarsáid shoiléir a éascú leis na cúntóirí faisnéise ar dualgas.
  • Limistéir thuirlingthe ar an mbóthar Eitiltí Amach
  • Saoráid Changing Places – lonnaithe sa halla teachta i gCríochfort 1
  • Seomra Faoisimh do Mhadraí Cuidithe – lonnaithe i gCríochfort 2
  • Seomraí príobháideachais – lonnaithe sa dá chríochfort

Chun aon fhaisnéis eile a fháil maidir le ceann ar bith de na saoráidí atá ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana ach na sonraí thuas a úsáid

Cúlra

Ón 26 Iúil 2008 i leith, cuirtear freagracht dhlíthiúil le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ar údaráis bhainistíochta aerfoirt amhail Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as seirbhísí cúnaimh a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal ar eitleán. Tar éis dó tabhairt faoi phróiseas fairsing comhairliúcháin le haeriompróirí, lena ngníomhairí láimhseála agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta, cheap Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath One Complete Solution Ltd (OCS) chun seirbhísí cúnaimh a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta.

 Is féidir Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 a léamh ach cliceáil anseo

Caighdeáin Cháilíochta

Shocraigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath caighdeáin cháilíochta le haghaidh na seirbhísí cúnaimh a shonraítear in Iarscríbhinn 1 den Rialachán. Ón 1 Deireadh Fómhair 2007 i leith, bhí Leagan 1.0 ina ábhar do chomhairliúchán le haeriompróirí agus lena ngníomhairí agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta.

Is féidir na caighdeáin cháilíochta a léamh anseo:
Caighdeáin Cháilíochta

Chuir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath Grúpa Úsáideoirí Míchumais ar bun freisin. Tá an grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí a fhreastalaíonn ar dhaoine faoi mhíchumas sonrach. Bhí sé mar chuspóir againn agus an grúpa sin á chur ar bun a chinntiú go gcuirfí aon chinntí a bhaineann le forbairtí amach anseo in iúl go hiomlán do na daoine agus na grúpaí sin ag a bhfuil riachtanais shonracha.

Eagraíocht atá dírithe ar sheirbhís do chustaiméirí is ea Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Má theastaíonn aon chúnamh ag an Aerfort uait, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár nGníomhairí Caidrimh Chustaiméirí nó le haon bhall foirne atá ar fáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana freisin ach glao a chur ar +353 1 814 4692

Sign up now and get 10% off your next purchase on theloop.ie

As well as other great airport offers, discounts and news.

  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie
  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie