Empty Link Skip to Content
Search Menu

Earraí Caillte

Aerfort Bhaile Átha Cliath

Is féidir míreanna a bhfágann a n-úinéirí iad ina ndiaidh a thabhairt chuig stáisiún Phóilíní an Aerfoirt. Déanann Póilíní an Aerfoirt dianiarracht míreanna a tugadh isteach a mheaitseáil le míreanna ar thuairiscigh a n-úinéirí go bhfuil siad caillte.

  • Chun earraí caillte a thuairisciú d’Aerfort Bhaile Átha Cliath, cliceáil anseo
  • Chun amharc ar mhaoin a aimsíodh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, cliceáil anseo
  • Chun teagmháil a dhéanamh le hOifig na nEarraí Caillte, cuir glao ar + 353 1 8145555

Tá Oifig Phoiblí Phóilíní an Aerfoirt lonnaithe i Stáisiún Phóilíní an Aerfoirt ar leibhéal an halla teachta. Tá sí ar oscailt idir 07:00 agus 22:00.

Tá táille láimhseála €6 le híoc ag an úinéir as gach mír chaillte a thugtar ar ais dó/di. Is féidir mír a phostáil chuig an úinéir ar chostas breise.

Beidh sé riachtanach aitheantas fótagrafach bailí a thabhairt lena iniúchadh agus earraí caillte á mbailiú.

Aerlínte

Tábhachtach: Is é an aerlíne nó an chuideachta seirbhíse láimhseála ar an talamh atá freagrach as earraí a chailltear ar bhord aerárthaigh agus as bagáiste seiceáilte isteach a chailltear. Ní phróiseálann Aerfort Bhaile Átha Cliath faisnéis faoi mhír ar bith a fhágtar ar aerárthaí ná faoi bhagáiste a chailleann aerlínte. Níl rochtain aige ar an bhfaisnéis sin ach oiread.

Sonraí Teagmhála le haghaidh Seirbhísí Earraí Caillte de chuid Aerlínte/Gníomhairí Seirbhíse Láimhseála ar an Talamh:

  • Aer Lingus: 1890 800 147
  • Ryanair: + 353 1 8121367
  • Swissport: + 353 1 8125715
  • Sky Handling Partner: + 353 1 8141400

Sign up now and get 10% off your next purchase on theloop.ie

As well as other great airport offers, discounts and news.

  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie
  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie