Empty Link Skip to Content
Search Menu

Seirbhís Póilíní an Aerfoirt

Seirbhís Póilíní an Aerfoirt

Tá freagracht ar Sheirbhís Póilíní an Aerfoirt as dualgais ghinearálta phóilíneachta agus slándála eitlíochta ag na haerfoirt Stáit i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá de chúram orainn freisin sábháilteacht na n-aerfort Stáit a choinneáil ar bun agus an earnáil eitlíochta sibhialta a chosaint ar ghníomhartha neamhdhleathacha cur isteach.

 Ar na dualgais eile atá orainn tá freagairt do chásanna éigeandála, bainistíocht tráchta agus dea-ord a chaomhnú chun a chinntiú go mbaineann gach duine a úsáideann na haerfoirt Stáit leas as timpeallacht shábháilte agus iad ag obair sna haerfoirt nó ag taisteal tríothu.

 Is "Oifigigh Údaraithe" iad Póilíní an Aerfoirt faoi na hAchtanna Aerfort agus Eitlíochta, 1936 go 2014. Dá bhrí sin, tá cumhachtaí iomlána póilíneachta againn laistigh de na haerfoirt Stáit.

 Is ar Phóilíní an Aerfoirt atá an fhreagracht as bainistíocht tráchta laistigh den aerfort. Tá clampáil, tarraingt agus Fógraí Íocaíochta Seasta ar na modhanna forfheidhmithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le cionta páirceála nó tráchta.

 Is féidir gur faoi réir ceann ar bith de na modhanna forfheidhmithe sin a bheidh aon fheithicil a pháirceáiltear de shárú ar Fhodhlíthe an Aerfoirt.

 Más rud é gur seirbheáladh Fógra Íocaíochta Seasta ar dhuine agus gur mian leis/léi an fhíneáil a íoc nó a achomharc, féadfaidh sé/sí cliceáil ar an nasc thíos agus na céimeanna atá leagtha amach a leanúint.

 Teagmháil: +353 1 8144300. Líne Éigeandála: +353 1 8144666.

Tabhair faoi deara: Ní ghlacfar le haon íocaíochtaí ar an láithreán as Fógraí Íocaíochta Seasta. Ní mór gach idirbheart a dhéanamh tríd an suíomh Gréasáin.

Naisc thapa

Sign up now and get 10% off your next purchase on theloop.ie

As well as other great airport offers, discounts and news.

  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie
  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie